Main menu:
Archive > Our work
Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht arís! Is breá linn an Ghaeilge anseo i Scoil Náistiúnta an Ghleanna Mhóir agus chuireamar isteach le haghaidh comórtas nua ‘Labhairt na Gaeilge’. Bhuamar an chéad áit sa chomórtas agus fuaireamar duais álainn agus teastais le h-aghaidh gach páiste. Bhí an Bronnadh ann sa scoil ar an Aoine 5ú Márta le Brídín Uí Cheallaigh.
Beidh S.N an Ghleanna Mhóir ag glacadh páirt i Rith 2010 ar an 16ú Márta. Beidh súilóid 1km againn ón scoil agus ar ais arís. Béimid ag báiliú airgead ar son Haiti. Béidh an-craic againn ar an lá agus tá fáilte chuig gach duine páirt a ghlacadh ann, tosnóimid ag a 1.30 i.n. Beidh cártaí urraíochta le fail ón scoil má tá súim ag aon duine airgead a bhailiú. Ní neart go cur le chéile! Ma tá tuileadh eolais uait mar gheall ar aon imeacht atá ar súil i S.N an Ghleanna Mhóir chuir glaoch ar an scoil: 096 31830 nó www.glenmoresn.com Mól an óige agus tíocfaidh said.
Sub-Menu: